dublinheritage.ie
dublin city logo

 

You are here: Home Page > Historic Collections> Órchiste na Gaeilge

Órchiste na Gaeilge: Seoda Stairiúla de chuid Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath

English

Níor tháinig an chéad leabhar clóite amach i nGaeilge go dtí 1571, breis agus céad bliain i ndiaidh aireagán Gutenberg. Ba shaothair chrábhaidh iad a choimisiúnaigh an Bhanríon Eilís I na saothair ba thúisce a priontáladh sa chló gaelach. Ba é an aidhm a bhí leo cainteoirí Gaeilge a thiontú go creideamh na heaglaise leasaithe. Is é Aibidil Gaeidheilge agus Caiticiosma le Seán Ó Cearnaigh a priontáladh in 1571 an chéad leabhar a foilsíodh sa chló sin a gearradh amach go speisialta chun an Ghaeilge a chur i gcló.

Chríochnaigh an tEaspag William Bedell, Easpag na Cille Móire d’Eaglais na hÉireann, aistriúchán an tSean-Tiomna go Gaeilge. Thug sé an t-ordú go ngearrfaí amach cló gaelach nua don fhoilseachán. Cuireadh clóbhualadh an aistriúcháin ar athlá nuair a tharla Éirí Amach 1641 agus nuair a fuair Bedell féin bás an bhliain ina dhiaidh sin. Chuaigh Robert Boyle, Iarla Chorcaí, i bhfeighil an tionscadail breis agus tríocha bliain ina dhiaidh sin. Choimisiúnaigh sé cló nua a dhear an scoláire Gaeilge, Andrew Sall, agus a mhonaraigh Joseph Moxon. Baineadh úsáid as an gcló sin chun saothair chrábhaidh de chuid Eaglais na hÉireann a phriontáil idir 1680 agus na 1820í. Baineadh úsáid as an gcló sin in 1865 chun Bíobla Bedell a fhoilsiú.

I dtús an 17ú haois bhunaigh Proinsiasaigh na hÉireann coláistí ar an Mór-Roinn chun léann a thabhairt do mhic léinn Chaitliceacha na hÉireann. Chuir na Proinsiasaigh clóphreas ar bun sa Bheilg chun saothair chrábhaidh Frith-Reifirméisin a fhoilsiú don mhisean in Éirinn. Thug siad an t-ordú go gcuirfí cló gaelach i dtoll a chéile chun saothair Ghaeilge a phriontáil. Scoláirí Gaeilge a dhear an cló ar bhonn litreacha na lámhscríbhinní Gaeilge. Ba é An Teagasg Criosdaidhe, a thiomsaigh Giolla Brighde Ó hEodhasa agus a foilsíodh in Antuairp in 1611, an chéad leabhar Gaeilge chun an cló sin a úsáid. In 1616 aistríodh an clóphreas go Coláiste San Antaine de Padua i Lováin a osclaíodh in 1607. Cuireadh leabhair Ghaeilge amach i Lováin go dtí 1728.

Timpeall 1675 d’ordaigh cléir Chaitliceach na hÉireann sa Róimh go ngearrfaí cló nua amach do chlóphreas Sacra Congregatio de Propaganda Fide. Baineadh úsáid as sin ó 1676 go dtí 1707 chun saothair chrábhaidh Chaitliceacha a chur i gcló. Nuair a bhain Napoleon an Róimh amach tar éis a thurais mhíleata chun na hÉigipte, thug sé an cló gaelach ar ais go Páras leis agus tá sé ar coinneáil istigh san Imprimerie Nationale.

D’fhoilsigh scoláirí i gColáiste na nGael i bPáras dhá leabhar i gcló gaelach nua i dtús an ochtú haois déag. Priontáladh English Irish Dictionary le Mac Cruitín agus An Teagasg Criosduidhe leis an Oir. Aindrias Ó Duinnshléibhe i bPáras ag Jacques Guérin sa chló sin sa bhliain 1732 agus sa bhliain 1742 faoi seach.

Ó dheireadh an 18ú haois priontáladh leabhair sa chló gaelach in Éirinn. Bhí cló gaelach nua in Reliques of Irish Poetry le Charlotte Brooke a foilsíodh i mBaile Átha Cliath in 1789. Sa chéad chuid den 19ú haois is amhlaidh is mó spéis a bhíothas á cur i stair na hÉireann agus ina cuid ársaíochtaí agus sa Ghaeilge. Cuireadh roinnt clónna nua chun úsáide don Ghaeilge agus bhí sin ina chomhartha go raibh tús le ré nua i Léann na Gaeilge.

Ba mhian le Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath saothair den tréimhse mhoch sin a priontáladh sa chló gaelach a bhailiú agus iad a chur ar fáil do scoláirí. Is é Sgáthan an Chrábhaidh le Flaithrí Ó Maoil Chonaire an saothar is faide siar de na bailiúcháin a foilsíodh i Lováin sa bhliain 1616.

Emanuel1616

Flaithrí Ó Maoil Chonaire, Sgáthan an Chrábhaidh. Emanuel leabhar ina bhfuil modh iarrata agus fhaghala fhoirbhtheachda na bethadh riaghaltha ar attugadh drong airighthe sgáthan an chrábhaidh drong oile Desiderius, Lobháin, 1616.

Is é seo an chéad leabhar le hArdeaspag Proinsiasach Thuama, bunaitheoir Choláiste San Antaine, Lováin. Tá sé clóbhuailte i gcló gaelach Lováin.

 

Scathan Shacramuinte na hAithridhe 1618

Hugh MacCaghwell, Scathán Shacramuinte na hAithridhe, ar na chuma don bhráthair bhós dord San Froinsias Aodh Mhac Aingil lighthóir diadhása a gColáisdi na mBráthair hÉirionnach a Lobháin, Louvain, 1618.

Aodh Mac Aingil, Proinsiasach Éireannach, a scríobh an saothar crábhaidh seo ar shacraimint na haithrí. Ba é an caomhnóir agus an chéad ollamh le fealsúnacht agus diagacht é ar Choláiste San Antaine, Lováin.

 

Lucerna Fidelium1676

Francisco Molloy, Lucerna Fidelium, seu fasciculus decerptus ab Authoribus magis versatis, qui tractarunt de Doctrina Christiana, Romæ, Typis Sacræ Congreg. de Propaganda Fide, M.DC.LXXVI.(1676)

Seo caiticiosma d’fhoirceadail na heaglaise in Éirinn. Priontáladh é i gclóphreas na Coingreagáide um Chraobhscaoileadh an Chreidimh sa Róimh i gcló gaelach nua. Scaipeadh an leabhar i measc na misean in Albain agus in Éirinn.

1707

An Teagasg CriosdaidheBonaventure O’Hussey, An Teagasg Criosdaidhe an so, arna chuma do Bonabhenturá oheodhasa bráthar bocht dord San Próinsas accolaisde S. Antoin a Lobain, Secunda Æditio. Romæ, Typis Sacræ Congreg. de Propag. Fide. Anno M.DCC.VII. (1707) Superiorum permissu.

Ba é an caiticiosma seo an chéad leabhar a priontáladh sa chló gaelach nua Lováin sa bhliain 1611. Seo an dara heagrán a foilsíodh ar chlóphreas na Coingreagáide um Chraobhscaoileadh an Chreidimh sa Róimh in 1707.

 

Elements of the Irish Language1728

Hugh MacCurtin, The Elements of the Irish Language, grammatically explained in English, Louvain, by Martin Van Overbeke, 1728.

Seo an leabhar deireanach a priontáladh i gcló gaelach Lováin ar ár n-eolas.

 

 

The English Irish Dictionary 1732

Hugh MacCurtin, The English Irish Dictionary., An Focloir Bearla Gaoidheilge. Ar na chur a neagar le Conchobar O Beaglaoich mar aon le congnamh Aodh Bhuidhe Mac Cuirtin, a bPairis, ar na chur acclodh le Seamus Guerin, M.DCC.XXXII. (1732)

Seo an chéad leabhar a foilsíodh i gcló Pháras.

 

An Teagasg Criosdaidhe1742

Andrew Donlevy, An Teagasg Críosduidhe do réir ceasda agus freagar tha, a bPairís, Seumus Guerin, M.D.CC.XLII. (1742)

Seo an dara leabhar a foilsíodh i gcló Pháras.

 

 

Reliques of Irish Poetry1789

Charlotte Brooke, Reliques of Irish Poetry, consisting of heroic poems, odes, elegies, and songs, translated into English verse: with notes explanatory and historical; and the originals in the Irish character, Dublin, George Bonham, 1789.

Tá na mír eanna Gaeilge clóbhuailte sa chló gaelach.

 

Forus Feasa air Eireann1811

Seathr un Ceitin, Forus Feasa air Eirinn, mar a nochtar príomhdhála na hínse o Pharthalon go Gabhaltus Gall, ar na chnuasacch, 7 air na thiomsúghadh o phríomhleabhraibh sheanchusa Eireann, agas o iliomad d’ughdaraibh barantamhla coigcríche le Seathrún Ceitin. Ollamhdiadhachta, i mBaile Athchliath, le Seán Barluaidh (John Barlow), 1811.

Is téacs dátheangach de stair thábhachtach an Chéitinnigh ar Éirinn é seo. Tá an Ghaeilge le léamh ar an taobh verso.

An English Irish Dictionary1814

Thaddeus Connellan, An English Irish Dictionary, intended for the use of schools, Dublin, printed by Graisberry and Campbell, 1814.

Ba é an aidhm a bhí leis an bhfoclóir seo go gcabhródh sé le daltaí an dá theanga a fhoghlaim.

 


The Proverbs of Solomon1815

Seanraite Sholaim a Ghaoidheilge agus mBearla, The proverbs of Solomon, in Irish and English, Dublin, printed by Graisberry and Campbell, 1815.

Is téacs dátheangach de na seanfhocail é seo.

 

 

Leabhuir an tSean Tiomna1827

William Bedell, Leabhuir an tSean Tiomna, ar na dtarruing an teanguidh ughdarach go Gaidhlig, tre churam agus saothar, an doctur Uilliam Bhedel, roimhe so easpog Chillemoire a nErin, Dublin, printed by G. and J. Grierson and M. Keene, 1827.

Is athchló de Shean-Tiomna an Easpaig Bedell i nGaeilge é seo a céadfhoilsíodh in 1685.

Orchiste na Gaeilge (pdf, 661 kb)

Visit:

Leabharlann agas Cartlann Bhaile Átha Cliath (as Béarla)
138 -144 Sráid na Phiarsaigh,
Baile Átha Cliath 2 .

Riomhphoist: dublinstudies@dublincity.ie